Leabhair Cois Life le seoladh

Ceithre leabhar nua i gcló

Seolfaidh Cois Life teidil an Earraigh Dé hAoine 4ú Aibreán sa The Library Project, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath, ag 6.30pm. Is iad na leabhair a sheolfar: An Colm Bán (úrscéal) le Liam Ó Muirthile; Sciorrann an tAm (gearrscéalta) le hOrna Ní Choileáin; Daideo (leabhar do dhéagóirí) le hÁine Ní Ghlinn agus Scéal Scéil (cúrsaí iriseoireachta) in eagar ag Breandán Delap.